
‘Cartlann’: Bailiúchán de cháipéisí nó taifid chorparáideacha nó phoiblí (ach go háirithe). An Fhraincis Archives, an Laidin Archivia nó an Ghréigis Arkheia: ‘taifid phoiblí’; a dhíorthaíonn ón nGréigis Arkhē ‘Rialtas’. Is taifid agus cáipéisí iad cartlanna atá caomhnaithe mar gheall ar an luach seasmhach atá acu don sochaí agus do na daoine agus na heagraíochtaí a tháirgeann iad. D’fhéadfadh cartlanna a bheith ann mar pháipéir pearsanta de chuid duine aonair, nó na taifid de chuid comhlacht poiblí ar nós comhlacht Rialtais Áitiúil, nó na taifid de chuid foras eile ar nós gnó, cuallaíocht, cumann, aontas nó eagraíocht reiligiúnach. Is féidir cartlanna a fháil i bhfoirmeacha, lena n-áirítear comhfhreagras, dialanna, comhaid, miontuairiscí cruinnithe, tuarascálacha, cáipéisí dlíthiúla, grianghraif, léarscáileanna, pleananna agus líníochtaí, leabhair chuntais, taifid inchloiste, amhairc, agus leictreonacha. Tá cartlanna sobhriste agus uathúil agus caithfear iad a choimeád agus a úsáid faoi choinníollacha dochta más rud é go bhfuil siad chun maireachtáil le haghaidh úsáid na nglúine atá le teacht.
Scéal trádala Chorcaí thar na h-aoise.
Urraithe ag Phlean Oidhreachta Chorcaí.
Cartlannaí: Brian McGee
Áras Shéamus Uí Mhurchadha, Sráid Mhór Liam Uí Bhriain, An Linn Dubh, Corcaigh, Éire
Seamus Murphy Building , Great William O’Brien Street, Blackpool, Cork
Guthán/ Tel. +353 (021 4505886, +353 (0)21 4505876. Faics/ Fax. (021) 4505887
R-Phost/ Email: archivist@corkcity.ie
Tá fáilte roimh fhiosrúcháin.
Seomra Taighde: Oscailte do Thaighdeoirí Máirt go hAoine, 10.00 r.n. go 5.00 i.n.
Taispeántais: Oscailte don Phobal Luan go hAoine 10.00 r.n. go 5.00 i.n. Féach ar Tabhair Cuairt Orainn le haghaidh tuilleadh eolais.